Pobal na hAmasóine ag teacht go hÉirinn faoi rún

Kayapo i mbun agóide

Munduruku

Munduruku

thumbnail: Kayapo i mbun agóide
thumbnail:  Munduruku
thumbnail:  Munduruku
Roibeard Mac Maoláin

Tá toscaireacht de ghníomhaithe timpeallachta ag teacht go hÉirinn an tseachtain seo – ach chuirfí i gcontúirt iad dá scaoilfí a n-ainmneacha.

Beidh an grúpa páirteach i bhFéile na gCloigíní Gorma de chuid Ghlór na Móna in iarthar Bhéal Feirste.

‘Níl uainn ach an chré is an chruinne’ le guthanna na hAmasóine is teideal don imeacht an Satharn beag seo agus gníomhaithe ó phobail thraidisiúnta agus dhúchasacha de chuid fhoraois bháistí na hAmasóine sa Bhrasaíl i láthair.

Tá a bpobail agus an iliomad pobal eile in Imchuach na hAmasóine faoi bhagairt, díbeartha agus éillithe ag leasanna mianadóireachta sa Bhreatain, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Ag deireadh an imeachta, beidh ciorcal comhrá ann le gréasáin dlúthpháirtíochta a thógáil agus le scéalta a bhaineann le streachailt a roinnt. Beidh an grúpa Brasaíleach anseo faoi choimirce an Dr Brian Garvey, fear óg ó Ard Mhacha ó dhúchas ach atá ag teagasc in Oilthigh Shrath Chluaidh i nGlaschú faoi láthair.

Ach thosaigh a spéis sa Bhrasaíl in ollscoil eile.

“Rinne mé staidéar in Ollscoil Sheffield agus bhuail mé le roinnt mhaith Brasaíleach ansin. Mar sin, an chéad uair a chuaigh mé amach go dtí an Bhrasaíl timpeall 2003, chuaigh mé leosan.

“Fiú ar an chéad chuairt sin, chuala mé faoi ghluaiseacht na ndaoine gan talamh, a bhí ar cheann de na gluaiseachtaí sóisialta is mó ar domhan ag an am sin ag abhcóideacht ar son oibrithe tuaithe agus daoine gan talamh.

“Bhí sé go hiontach a bheith ina gcuideachta,” ar sé.

Chaith Brian sealanna ag obair le grúpaí frithsheicteacha i mBéal Feirste agus le ceardchumann neamhspleách ach chuaigh sé ar ais chun na Brasaíle in 2011, ag caitheamh dhá bhliain ansin ag obair agus ag staidéar.

Ar an tSatharn, beidh ionadaithe ó threibheanna éagsúla dúchasacha atá ag fuilstin go mór mar gheall ar an mhianadóireacht mhídhleathach, ar thruailliú an uisce agus an talamh, gadaíocht talaimh agus foréigean.

“Tá mé ag tabhairt ionadaithe ó chríocha dúchasacha Kayapo, ó chríocha dúchasacha Munduruku agus tá beirt ionadaí ó réigiún Trombetas chomh maith le hionadaí óg ó chríoch Xingu,” arsa Brian.

“Sna cásanna seo uilig is pobail thraidisiúnta cois abhann iad na pobail dhúchasacha is mó a bhfuil tionchar ag an mhianadóireacht orthu.

“I gcás Munduruku, is iad na hionraí mídhleathacha ar mhianaigh óir an fhadhb is mó, cé go dtarlaíonn sé ar scála beag. Ach i gcás an Kayapo, tá cuideachta mhianadóireachta atá lonnaithe i Londain a bhíodh ag mianadóireacht i gcríocha dúchasacha agus i gceantar Xingu, tá daoine thar a bheith buartha faoi phleananna le haghaidh mianach óir ar scála ollmhór sa cheantar.

“Baintear úsáid as mearcair leis an ór a scaradh ón chlábar agus tá an mearcair ag dul isteach sna haibhneacha agus sa talamh, a deir bunadh na háite.

“Is é an mearcair seo is cúis le hailse agus le fadhbanna eile sláinte, áit ar bith a bhfuil mianach.

“Anuas air sin, tá grúpaí mianadóirí ag dul thart ar shráidbhailte cois abhann agus ag scaoileadh ar na daoine.

“Tá na treibheanna anois ag seasamh an fhóid. Is uathu sin atá an cur i gcoinne ag teacht. Cé gur maith an rud é go bhfuil deireadh le réimeas Bolsonaro, tá na pobail dhúchasacha meallta faoi rialtas úr Lula agus tá siad ag gníomhú ar a gconlán féin.

“Is iad na Munduruku, a déarfainn, na daoine is glóraí ó thaobh frithsheasmhachta san Amasóin,” arsa Brian.

“Má fhéachann tú ar dhífhoraoisiú san Amasóin, stopann sé ag teorainn a gcríoch cionn is gur chosain siad a dtalamh chomh fíochmhar sin lena saol.

“Sin an fáth nach féidir linn ainmneacha na ndaoine atá ag taisteal a scaoileadh mar gheall ar an bhaol go mbeadh iarmhairtí ann,” ar sé.

Agus dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Ghlór na Móna: “Is cuí go mbeadh muintir na hAmasóine ag teacht go hIonad Mhic Goill faoi scáth an tSléibhe Dhuibh, a ndearnadh an oiread sin mianadóireacht air.

“Tá teangacha dúchasacha na hAmasóine faoi bhagairt chomh maith, mar sin cuirfear fáilte bhráithriúil roimh an toscaireacht. Tá cuid mhór le foghlaim againn óna chéile,” ar sé.

Beidh Brian Garvey agus na Brasaíligh ag tabhairt cuairt ar Thír Eoghain fosta le bualadh le muintir Save Our Sperrins atá ag troid in éadan mianach óir sna Spéiríní.