Is aoibhinn beatha an scríbhneora ar oileán mara... den chuid is mó!

Shílfeá go mbeadh sé níos fusa a bheith ag scríobh ar Inis Meáin, ach tá ceacht nó dhó 
le foghlaim ónár sinsear, a deir Colúnaí na Bliana Aedín Ní Thiarnaigh

An radharc ó dheasc oibre Aedín

Clúimhín ina suí ar Aedín

Aedín Ní Thiarnaigh ar Inis Meáin

thumbnail: An radharc ó dheasc oibre Aedín
thumbnail: Clúimhín ina suí ar Aedín
thumbnail: Aedín Ní Thiarnaigh ar Inis Meáin
Aedín Ní Thiarnaigh

Is aoibhinn beatha an scríbhneora – den chuid is mó!

Ó bhí mé i mo pháiste bhí dúil mhór agam sa léitheoireacht agus mar a tharlaíonn go minic i gcás na léitheoirí craosacha, ní raibh sé i bhfad sular bhuail an fonn chun pinn mé chomh maith.

Is údar mór bróid dom go bhfuilim in ann ‘scríbhneoir’ a thabhairt orm féin anois. Bíonn an colún seo faoi mo chúram dar ndóigh agus taobh amuigh de sin bím ag plé le dánta ó am go chéile, le hailt eile, agus is í an chloch is mó ar mo phaidrín le míonna anuas ná an t-úrscéal a bhfuilim ag caint air le fada agus atá ag teacht ar an bhfód (nó ar an scáileán, b’fhéidir gur cheart dom a rá) diaidh ar ndiaidh.

Ach céard a theastaíonn le bheith i do scríbhneoir? Foighne gan dabht – agus lear mór féinmhuiníne! Chuirfinn geall gur beag scríbhneoir nár chaith tamall thíos le siondróm an éin choirr, ná nár phléasc amach ag caoineadh agus an leathanach bán ag stánadh ar ais orthu go magúil! Bíonn an fhoighne ina bua riachtanach na laethanta gránna úd agus bíonn gá leis an bhféinmhuinín chun treabhadh leat agus na dúshláin sin a shárú.

Ach ó thaobh nithe praiticiúla de, cé acu siúd is tábhachtaí a chuidíonn leis an scríbhneoir an cheird a chleachtadh?

Beidh a rogha uirlisí ag gach scríbhneoir dar ndóigh, agus tá an iliomad scríbhneoirí níos cáilithe ná mé féin a chuirfeadh comhairle níos fearr ort. Níl anseo ach mo leathphingin féin ar an scéal, mar scríbhneoir atá cuíosach luath sa ghairm.

Táthar ann a mhionnóidh gurbh fhearr leo i bhfad peann a chur le pár seachas cnaipí beaga an mhéarchláir a bhrú. Nílimse ina measc. Mothaímse i bhfad níos compordaí agus ceapaim go bhfuil mo chur chuige oibre i bhfad níos fearr agus mé ag obair liom ar an ríomhaire glúine.

B’fhéidir nach léiriú chomh rómánsach é agus dá mbeinn ag dul timpeall ar nós Jo March in Little Women agus an dúch do mo smálú ó bhonn go baithis, ach sin é mar atá! Scríobhaim chuile rud ar Google Docs. An chaoi sin, bíonn pé obair a dhéanaim á shábháil go huathoibríoch ar líne agus ní bhíonn fainic do mo bhualadh go tréan má mhúchtar an ríomhaire gan choinne, gan mé tar éis an diosca beag flapach sa chúinne a bhrú.

Tá deasc dheas agam agus sílim go dteastaíonn a leithéid ó chuile scríbhneoir mura bhfuil siad ag iarraidh a dhroim a loit agus a saol a chaitheamh cromtha síos mar a bheadh Dónal Bocht Cam ann! Roghnaigh mé an deasc go speisialta agus mé ag bogadh isteach sa teach nua seo agus shocraigh mé é os comhair na fuinneoige sa chaoi is go bhfuil radharc agam ar an bhfarraige agus ar Chonamara i gcéin.

Shamhlaigh mé go n-éireodh níos fearr liom dá mbeinn sásta ag an deasc oibre agus go mbeadh toradh níos fearr ar mo shaothar. Mura n-oibríonn an cleas seo chuile lá beo – oibríonn sé níos minicí ná a mhalairt! Bíonn ciúnas ag teastáil uaim má táim ag tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Baineann aon fhuaim m’aird ón tasc go héasca. Mar sin féin, is deacair teacht ar chiúnas iomlán sa lá atá inniu ann, fiú in Inis Meáin.

Is ceoltóir gairmiúil í mo chomrádaí tí, agus is beag duine a d’fhéadfadh úrscéal a scríobh agus na cleachtaí gutha ar siúl aici in ard a cinn thíos staighre! Agus ní luaithe a bheadh sise téite suas, ach go dtosódh an chuach ar an “cucú cucú” aici siúd taobh amuigh den bhfuinneog!

Is beag a chuireann na rudaí seo isteach orm, i ndáiríre. Má bhíonn orm déileáil leis na cleachtaí gutha ar maidin, is suantraithe séimhe a líonann an teach istoíche. Ó thaobh na cuaiche de, is iomaí scéal ar chuala mé faoi dhaoine a chaith cloch léi agus iad i ndeireadh na feide – agus thuigfinn a gcás!

Ach buíochas mór le Dia, is ag maireachtáil i ré na gcluasán cealaithe torainn atá muid. Mar sin is cuma má tá rang ceoil ag dul ar aghaidh in íochtar staighre, nó má tá an t-éan is binne ar chraobh ag béicíl taobh amuigh – agus mo chluasáin draíochta orm, beidh mise beag beann orthu.

Tá an uirlis dheireanach scríbhneoireachta a mholfaidh mé daoibh inniu chomh sean leis an gceo. Bhuel, chomh sean leis an naoú haois ar aon chaoi. Sin í an uair a chuir an manach Éireannach peann le pár maidir lena pheata bán Pangur a bhíodh ina chomrádaí dó agus é ag obair ar na lámhscríbhinní.

Ní heol dúinn ainm úinéir Phanguir, ach tuigeann muid óna chuntas fileata gur mór an t-ardú croí dó an cat úd agus ceird uaigneach na scríbhneoireachta á cleachtadh aige.

Má tá ag teip ar an bhfoighne, agus má tá ag cliseadh ar an bhféinmhuinín, níl leigheas níos fearr ann ná peata beag clúmhach a bheith ag crónán i d’ucht. Thuig an seanfhile é sin go maith agus na céadta blianta níos déanaí, is féidir liom a chruthú gur mór an sólás an srannadh úd.