Féinsmacht de dhíth ar Chorcaigh Dé Sathairn

Faigheann Ciarán Joyce cárta dubh in aghaidh Phort Láirge

Gráinne McElwain

Roimhe seo, ba í Craobh Iomána na Mumhan an t-aon chomórtas cúige a raibh aon duine ag caint faoi. A mhalairt atá ann anois leis an spotsolas iomlán dírithe ar Chraobh Laighean.

Ba iad Cill Chainnigh agus Gaillimh a bhí mar rogha láidir na n-údar an cluiche ceannais a thochailt amach ach ní mar a shíltear a bhítear.

Beidh le feiceáil fós cé a bheas ann, le cluichí ón deireadh seachtaine ag mealladh níos mó draíochta ina threo. Cuireadh go leor ceisteanna ar charachtar Loch Garman nuair a chaill siad le dhá chúilín in aghaidh Aontroma i mbabhta a dó de Chraobh Laighean. Chlúdaigh muid ar GAAGO an cluiche sin agus taobh amuigh de Lee Chin a d’aimsigh 2-11 ar an lá, cá raibh na cinnirí eile? Cé a bhí sásta seasamh suas an chéad lá eile?

Anois, tá na ceisteanna céanna á gcur faoi Ghaillimh agus ar ndóigh bainistíocht Henry Shefflin. Bhí siad go dona i gcoinne Loch Garman i mbabhta a dó de Chraobh Laighean ach caithfear moladh mór a thabhairt do Loch Garman a d’fhreagair na ceisteanna uilig, le léithéidí Rory O’Connor, Damien Reck agus Conor McDonald ag seasamh suas, ag léiriú cinnireachta agus ag tabhairt níos mó tacaíochta ó thaobh na scórála de do Lee Chin.

Tá briseadh seachtaine ón imirt ag Gaillimh agus Loch Garman ach anois tá clár na bpointí iomlán oscailte. Beidh Cill Chainnigh ag imirt i gcoinne Cheatharlach agus ba chóir go mbeadh an bua acu Dé Sathairn.

Ar an 18 Bealtaine, buailfidh Gaillimh le hAontroim in Aontroim agus tá mé ag déanamh go mbeidh Darren Gleeson agus a fhoireann lán muiníneach gur féidir leo toradh a aimsiú in aghaidh na Gaillimhe.

Imní mhór do Henry Shefflin ná an easpa fuinnimh a léirigh Gaillimh agus cé chomh deacair is a bhí sé dóibh na scóranna a aimsiú. Ní inniu ná inné go bhfuil cinnirí ar nós Dhaithí Burke, Ghearóid McInerny agus Conor Whelan ag seasamh suas ach cé atá ann ón chéad ghlúin eile? Cé eile a bheas ann chun tacaíocht a thabhairt dóibh?

Sin roinnt de na ceisteanna a bheas Henry ag súil go mbeidh siad in ann a fhreagairt an chéad lá eile. Muna bhfuil siad níos fearr, tá an chontúirt ann nach mbeidh siad i gcluiche ceannais Laighean i mbliana. Ní fhaca aon duine sin ag teacht ag tús an fheachtais.

Ar an tSatharn seo chomh maith beidh Aontroim agus Áth Cliath in aghaidh a chéile agus tá sé ráite ag go leor, cibé foireann a thiocfas amach chun cinn go bhfuil deis iontach acu an tríú háit i gCúige Laighean a shroichint.

Tá Cill Chainnigh, Loch Garman, Áth Cliath agus Gaillimh ar trí phointe an taobh, le hAontroim ar dhá phointe agus gan pointe ar bith ag Ceatharlach go fóill. Buntáiste mór a bheas ann d’Aontroim nó Áth Cliath na pointí a chrochadh leo ar an rás sin don tríú háit.

Is é an jab atá le déanamh anois ag Pat Ryan agus Corcaigh ná taispeántas níos fearr arís a chur chun páirce in aghaidh sheaimpíní na hÉireann Luimneach Dé Sathairn agus a bheith níos déine fosta ó thaobh féinsmachta de chun a chinntiú go bhfanfaidh gach imreoir ar an pháirc.

Fuair Ciarán Joyce cárta dubh in aghaidh Phort Láirge, le Séan O’Donoghue ag aimsiú cárta dearg (dhá chárta bhuí) agus athraíodh rithim an chluiche ina dhiaidh sin. Ghéill siad 2-25 in aghaidh Phort Láirge agus 3-26 i gcoinne an Chláir agus ní chaithfidh tú a bheith i do shaineolaí le tuiscint nach féidir leo an méid céanna a ghéilleadh Dé Sathairn. Ghéill Luimneach 1-18 in aghaidh an Chláir agus 0-18 i gcoinne Thiobraid Árann agus is léir an difear atá ann idir an dá chosaint.

Beidh le feiceáil an bhfanfaidh Pat Ryan le hEoin Downey a rinne go maith mar lánchúlaí agus ag Ciarán Joyce ag uimhir a 6. Ach tá struchtúr níos cosanta ag teastáil uathu chun stop a chur le gluaiseacht Luimnigh.

Níl aon phointe ar chlár na scór ag Corcaigh go fóill agus beidh dúshlán acu aon cheann a fháil san oíche Dé Sathairn. Anuraidh, bhuaigh Luimneach ach ar éigean le cúilín. Cé go bhfuil dhá chluiche as a chéile buaite ag Luimneach, níl siad tar éis imirt chomh maith agus is féidir leo.

Teachtaireacht scanrúilatá leagtha síos do gach foireann eile timpeall na tíre.