Deis corn a thógáil... níl rud ar bith níos tábhachtaí don imreoir

Callum O’Neill Ard Mhacha agus Senan Carr Dhún na nGall i mBealach Féich níos luaithe i mbliana

Gráinne McElwain

D’éirigh le Cumann Peile Naomh Anna Leitir Móir a n-áit i gComórtas Peile na Gaeltachta 2024 a shroichint tar éis a mbua 2-15 le 1-15 ar Oileáin Árann ag an deireadh seachtaine.

Tháinig scaifte maith as pobail Leitir Móir agus Árann chuig an chomórtas contae a bhí á reáchtáil ag Carna-Caiseal. Ar ndóigh, is é 2027 an bhliain ina mbeidh siad féin ag óstáil an chomórtais náisiúnta agus tuigim go maith an méid oibre agus eagrúcháin a theastaíonn chun a leithéid a dhéanamh.

Bhí mé ar an choiste nuair a bhí sé i bparóiste Leitir Móir cúpla bliain ó shin. Cluiche maith a bhí ann agus nuair a fuair Fionn Mac Donnacha an cúl cinniúnach do Naomh Anna, bhí muintir as ceantar na n-oileán breá sásta agus a dturas go Cill na Martra i gCorcaigh bainte amach acu siúd.

Rud a rith liom agus mé i láthair ann ná an méid dúil a bhí agus atá ag daoine is na himreoirí sa chomórtas. Is comórtas ar leith é dóibh siúd agus bíonn siad thar a bheith bródúil as a bheith páirteach ann agus as a bheith mar ionadaithe don pharóiste.

Sin rud a bhaineann le spórt amaitéarach, go háirithe an CLG. Tá tú ag caitheamh an gheansaí ar feadh seala agus ag déanamh ionadaíochta don chlann agus na daoine a chaith an geansaí romhat. Tuigeann tú an traidisiún agus an stair a bhaineann leis agus mar sin, is rud tábhachtach é an geansaí.

Ina theannta sin, tá deis ag imreoirí corn a bhaint agus níl aithne agam ar mhórán imreoirí atá sásta imirt ar son na craice ag an leibhéal sin gan an deis rud éigin a bhuachan. Sin an fáth nach dtuigim an caitheamh anuas ar chluichí ceannais na gcúigí. Ba léir cé chomh tógtha is a bhí Gaillimh Dé Domhnaigh nuair a tháinig siad ar ais ó na mairbh chun an bua a fháil ar Mhaigh Eo agus Corn Frank Nestor a chrochadh leo den tríú huair as a chéile.

Thug an bua misneach do Ghaillimh, a raibh ísle brí orthu as an dóigh a raibh siad ag imirt agus as an mhéid gortuithe a bhí ag cur isteach orthu le linn na sraithe. Luaigh an captaen Seán Ó Ceallaigh ina óráid an ról a bhí ag an chúl báire Conor Gleeson agus d’iarr sé ar an tslua bualadh bos speisialta a thabhairt dó.

Cé go raibh cúpla duine timpeall orm sa tslua mí-shuaimhneach nuair a d’fhág sé a chúl chun dul amach ar an ionsaí go lár na páirce, ba é an laoch a bhí ann ag an deireadh. Thóg sé an cic saor cinniúnach chun an bua a thabhairt dá chontae.

D’fhulaing sé féin go leor drochíde ó “thacadóirí” agus ba léir an faoiseamh a bhí air ag an fheadóg dheireanach. Chuaigh mé ar an pháirc tar éis an chluiche le mo pháistí agus bhí ceiliúradh ann.

Ní dóigh liom go bhfuil sé fíor a rá nach bhfuil spéis ag contaetha sa chomórtas mar ní hé sin an fhianaise a thug mé faoi deara. Bhí Pádraig Joyce ríméadach leis an bhua mar aon leis na himreoirí agus na tacadóirí. Tá sé chomh deacair aon chorn airgid a bhaint agus ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte fáil réidh le comórtas chomh mór leis seo, go háirithe mar go bhfuil sé ag obair in dhá cheann de na cúigí.

Bí ag faire amach ar an fhreagra a bheas ag Ard Mhacha nó Dún na nGall má éiríonn leo an Corn Anglo Celt a ardú an Domhnach seo. Níl sé buaite ag Ard Mhacha ó 2008, agus ba é 2019 an bhliain dheireanach a bhfuair Dún na nGall a lámha air.

Éacht a bheas ann do na himreoirí a mbeidh an lá leo agus bí cinnte go mbeidh neart ceiliúrtha ag an chontae a chrochfas an corn leo.

Bhuaigh Ciarraí Craobh na Mumhan mar a bhí daoine ag súil leis agus seans maith go mbeidh Áth Cliath ina seaimpíní ar Chúige Laighean den 14ú bliain as a chéile ach níl mórán in ann a thuar cé a thiocfas amach chun cinn idir Dún na nGall agus Ard Mhacha. Cinnte níl an spéis chéanna sa chomórtas i Laighin ná sa Mhumhain ach cé air atá an locht ansin?

Caithfidh na foirne eile éirí níos láidre chun dul i ngleic le Ciarraí agus Áth Cliath ach le fada an lá tá an dá fhoireann seo ró-mhaith don chúige. Maoiniú airgid agus infheistíocht i gcóitseálaithe atá de dhíth agus is próiséas fadtéarmach a bheas i gceist. Ní dóigh liom gur fiú fáil réidh le hUlaidh ná Connachta mar nach bhfuil sé ag obair sa dá chúige eile. Tá sé cosúil leis an ghloine leathlán nó leathfholamh. Cén tslí a bhfuil tú ag féachaint air?

Go pearsanta, tá mé ag súil le cluiche ceannais Uladh agus an drámaíocht a bhaineann leis. Beidh an bua ag Áth Cliath ach feicfidh muid cén sórt teaicticí a bheas ag iar-imreoir Átha Cliath Ger Brennan do Lú. Bheifeá ag súil go mbeidh siad in ann fanacht leis na Dubs ar feadh píosa.

Deis corn a ardú. Sin an méid atá gach imreoir ag lorg.