Dáithí Ó Sé: Deireadh seachtaine faoin ngrian ag na buachaillí... ach ná habair le mamaí!

Dáithí san Phortaingéil

Dáithí Ó Sé

Bhí lá breithe réasúnta mór ag máthair mo chéile agus timpeall ar mhí ó shin bhí bean an tí ag caint ar rud éigin a cheannach di nó bronntanas deas a ghabháil di.

Ar nós mo mháthar fhéin, deir sí go bhfuil a dóthain aici agus gan a bheith ag fáil aon rud. Is dóigh liom go bhfuil gach máthair agus athair mar seo.

Bhí cad é moltaí ag teacht mo shlí ó bhean an tí agus ar deireadh dúirt léi gur cheart di dul go New Jersey i gcomhair an deiridh seachtaine agus preab a bhaint aisti.

Dúirt sí go rabhas as mo mheabhair, ach tar éis roinnt laethanta tháinig sí ar ais chugam agus dúirt go raibh na heitiltí réasúnta dá rachadh sí ó Déardaoin go maidin Dé Máirt agus leis an tsaoire bainc bhíos saor ar an Luan agus sin cad a dheineamar.

Bhíos chomh sásta mar ní bhíonn am acu le chéile mar sin riamh mar go mbíonn gach éinne ag tarrac as an mbeirt i gcónaí agus daoine eile le sásamh i gcónaí más maith leat.

Leaindeáil sí thall agus nach mór a thit a máthair nuair a chonaic sí í. Bhí deireadh seachtaine iontach acu agus thugadar lá i gcathair Nua-Eabhrac atá taobh leo thall.

Níl ansan ach leath an scéil ar shlí agus na buachaillí sa bhaile leo fhéin. Chuireas an fear beag a chodladh an tráthnona a dúramar leis go raibh mam ag dul abhaile i gcomhair cúpla lá, anois tá breis agus trí seachtaine ann idir an plean a chur le chéile agus an tsaoire bheag seo.

Bhíos caite ar an leaba leis agus chas sé chugam agus chuir sé ceist orm cad a bheadh ar siúl againne faid is a bheadh mam imithe.

“Christ n’fheadar a bhuachaill,” arsa mise. “Cheart dúinn dul in áit éigin agus gan faic a rá le mam,” a dúirt sé, agus thosnaigh an bheirt againn ag gáirí.

Chuas ar an ríomhaire ina dhiaidh sin agus bhí eitiltí chun na Portaingéile agus óstán don mbeirt againn ar phraghas íseal agus cheannaíos iad.

An mhaidin dár gcionn ghlaos ar an bhfear óg agus dúirt leis cad a bhí déanta agam, bhuel nach mór a thit sé siúd ar an dtalamh (ar nós a mháthair críonnamháthar críonna, ní bheidh éinne ina seasamh ag deireach an phíosa seo).

Ná habair le mam, a dúirt sé, agus déanfaidh muid glaoch beo ar WhatsApp léi ón bPortaingéil. Sin plean, arsa mise leis.

N’fheadar bean an tí faic mar gheall air seo. Bhíos ag gáirí liom fhéin agus dúirt go scaoilfeadh sé an cat as an mála ag pointe éigin, tá’s agaibh buachaillí agus na mamaí’s.

Bhuel tháinig an mhaidin go raibh bean an tí ag fágaint agus ní raibh faic ráite aige léi. Ardfhear, arsa mise leis.

Bhíomar-na ag fágaint an mhaidin dár gcionn agus fós ní raibh a fhios ag bean an tí cad a bhí le teacht. Síos go Corcaigh leis an mbeirt againn agus amach chun na gréine linn.

Theastaigh uaimse an glaoch seo a dhéanamh tar éis dúinn leaindeáil ach dúirt an fear beag fanacht go dtí níos déanaí go mbeimid ar an dtrá – “déarfaimid le mam go bhfuil muid i gCinn Mhara”.

Dheineamar an glaoch ach go háirithe agus má baineadh preab as a máthair tógadh ó bhonn í seo chomh maith. Thit an fear beag chomh maith ach an uair seo timpeall le gáirí.

Cé gur baineadh preab as bean an tí, bhí sí chomh sásta go ndeineamar seo. Caithfidh mé a rá, níl faic níos deise ná a bheith ar an dtrá agus an ghrian ag féachaint anuas, le fachtóir 50 orainn beirt gan dabht. Déarfaidh mé libh an tseachtain seo chugainn mar gheall ar an bhfachtóir 50 céanna agus canathaobh go bhfuil sé tábhachtach.

Caithfidh mé a rá chomh maith go raibh cúpla dos na laethanta is fearr agam leis an bhfear beag. Níor stadas ag gáirí leis agus fé.

Bhraitheamar uainn bean an tí ach is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach d’athair am a chaitheamh mar seo lena mhac, duine ar dhuine.