An inimirce: ceist chasta nach bhfuil ag imeacht

Tá ceist na hinimirce i gcroílár na polaitíochta in Éirinn anois ar bhealach nach raibh sí riamh – agus is ceist í nár chóir dúinn a sheachaint, a scríobhann an t-iriseoir Ciarán Dunbar

Beirt teifigh ina suí ag a bpuball ag an Chanáil Mhór i mBaile Átha Cliath

Ciarán Dunbar

Scríobh Eoin Ó Broin, TD Sinn Féin do Bhaile Átha Cliath Thiar Meán, le déanaí: “Is é tithíocht inacmhainne príomhcheist an chéad-olltoghcháin eile.”

Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil an ceart aige. Ach léiríonn na pobalbhreitheanna céanna go bhfuil ceist na himirce ar an dara ceist is mó i mbéal an phobail i bPoblacht na hÉireann.

De réir phobalbhreith Sunday Independent/Ireland Thinks a foilsíodh ag an deireadh seachtaine, síleann tuairim ar 41% de dhaoine gurb í an inimirce an cheist is mó sa tír faoi láthair, sin i gcomparáid le 26% i mí Aibreáin na bliana seo.

Is í an tsaincheist is mó fós an tithíocht áfach. Is tosaíocht é do 54% de na vótálaithe, cé gur laghdú 5% é seo.

Níl polaiteoirí i bpáirtí mór polaitíochta ar bith chun neamhaird a dhéanamh den 41% sin – ní féidir leo.

Tá ceist na hinimirce i gcroílár na polaitíochta in Éirinn anois ar bhealach nach raibh sé riamh go dtí seo. Sin an réaltacht agus tá sé ag athrú an ‘chomhrá’.

Mar shampla, tháinig Sinn Féin amach go láidir i gcoinne Chomhshocrú Inimirce agus Tearmainn an Aontais Eorpaigh, comhshocrú a dtacaíonn an Rialtas leis.

Tá físeáin á bpostáil ag Sinn Féin ar na meáin shóisialta freisin ina bhfuil an páirtí ag áitiú go bhfuil sé i gcoinne “teorainneacha oscailte” – b’fhéidir mar iarracht tacaíocht a fháil ar ais ó vótálaithe atá feargach faoi líon na n-inimirceach atá ag teacht isteach.

Is suimiúil an téarma é “teorainneacha oscailte”, glacaimse gurb ionann sin agus ligean do gach duine a dhul cibé áit a mba mhaith leo, cibé am a ba mhaith leo.

Tá daoine ann atá ar son a leithéid de bheartas, seasamh prionsabálta atá ann, bunaithe ar chomhionannas agus ar chomhdhínit an chine dhaonna.

Má tá, ní phléann sé le haon deacracht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha ná slándála a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air.

Ar chóir teach, post agus scoil a sholáthar do gach duine atá ag teacht isteach? Dá mba chóir, an féidir? An féidir leis an mhargadh na tithe ar fad atá de dhíth a sholáthar nó an é sin ról an stáit? Agus más é sin ról an stáit – cé atá chun íoc as?

Sea, is tír shaibhir í Poblacht na hÉireann ach ní hionann sin is a rá go bhfuil daoine ag iarraidh níos mó cánach a íoc.

Do na daoine atá ar son inimirce gan srian áfach, tá sé ciníoch a leithéid a cheistiú fiú – is ceart é agus sin sin, ní mór plé leis sa chaoi sin.

B’fhéidir go bhfuil an ceart acu. Ní mór dom a admháil ná gur mhothaigh mé rian den chiníochas i ngach aon chomhrá dá raibh agam le daoine ar an cheist seo riamh.

Caithfidh mé a admháil fosta go mbíonn leisce ar dhaoine labhairt nó scríobh faoin inimirce. Cuirtear ciníochas i leith iriseoirí a phléann leis an cheist, ach ar an lámh eile, cuirtear inár leith go bhfuil “an fhírinne” faoi imirce á coinneáil faoi cheilt.

De réir roinnt daoine, is olc an rud í an inimirce agus is olc gach inimirceach. Is ionann ‘eachtrannach’ agus drochdhuine.

Is cuma leis an ghníomhaí den eite dheis, Justin Barrett – fear a chaith macasamhail chóta Schutzstaffel (SS) ag agóid taobh amuigh den Dáil – cén cineál inimircigh iad, maith nó olc, dleathach nó mídhleathach, ba mhaith leis iad a ruaigeadh as Éirinn.

Ach is beag duine in Éirinn atá ina chiníoch amach is amach i mo thaithí féin.

Mar sin féin, is beag duine a chreideann i “dteorainneacha oscailte” go hiomlán.

Glacann an tromlach gur maith an rud í an inimirce agus gur riachtanach í chun an geilleagar a fhás.

Beidh ar na páirtithe polaitiúla plé leis na gnéithe seo de cheist thar a bheith ciotach sna blianta atá amach romhainn. Agus tá gné eile ann den scéal seo. Seans nach bhfuil aon bhealach chun líon na n-imirceach a mhaolú.

Seans go bhfaighidh daoine bealach isteach cibé ar bith, beag beann ar líon na nGardaí ar an teorainn nó ar mhaorlathas a úsáidtear mar bhac.

Tá tíortha ar nós na hÉireann, i gcomparáid le tíortha eile, saibhir, slán, flaithiúil, forásach, daonlathach agus liobrálach.

Tá sé sin chun daoine a mhealladh i gcónaí, go háirithe iad siúd atá ag teitheadh ó chogaíocht, ocras agus ansmacht.

Seans gur cheart plé leis na cúiseanna seachas leis na siomptóim amháin.