An Ghaeilge i Leabhar na gCuriarrachtaí a bhuíochas do bhean na Gaillimhe i gCatar

Bernadette Ní Chadhain ag léamh sliocht i nGaeilge as An Prionsa Beag i gCatar

Na daoine uile a léigh an leabhar ina dteangacha féin i gCatar

Doha

thumbnail: Bernadette Ní Chadhain ag léamh sliocht i nGaeilge as An Prionsa Beag i gCatar
thumbnail: Na daoine uile a léigh an leabhar ina dteangacha féin i gCatar
thumbnail: Doha
Roibeard Mac Maoláin

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha atá luaite sa Guinness Book of Records – a bhuíochas do thír sa Mheánoirthear agus do bhean as Indreabhán, Contae na Gaillimhe.

Anuraidh, d’éirigh le Catar áit a fháil i Leabhar na gCuriarrachtaí nuair a d’eagraigh siad an léamh sealaíochta de leabhar Antoine de Saint-Exupéry, Le Petit Prince/An Prionsa Beag, gach léitheoir ag léamh sleachta ina dteanga féin.

Baineadh úsáid as 55 teanga ar an oíche agus ba í Bernadette Ní Chadhain as Indreabhán i gConamara a léigh an sliocht as Gaeilge ag ócáid mhór sa Mhúsaem Ealaíne Ioslamach – ach nuair a labhair mé léi, bhí sí ar ais i nGaillimh do chóisir na gcearc seo aici – tá sí le Barry Egan as Contae Chill Dara a phósadh in Bergamo na hIodáile i mí Iúil.

An raibh fonn taistil ar bhean Chonamara agus í ag fás aníos?

“Bhí, is dócha,” ar sí. “Chaith mé blianta san Astráil ó 2008 agus ansin, níos gaire don bhaile, bhí mé ag múineadh i nGaelscoil na gCloch Liath i gContae Chill Mhantáin ar feadh dhá bhliain agus muid inár gcónaí i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath. Bhí sé sin deacair go leor mar sin chinn mé féin agus Barry bogadh go Catar agus tá muid anois i nDoha.”

Thosaigh an bheirt ag obair sa Doha British School ach, trí chara, fuair Bernadette cuireadh dul ag obair do chlann ríoga Chatar.

“Cailín as Albain, Maggie, bhí an post aici mar ‘head nanny’ ach dúirt sí go raibh tuilleadh cúnaimh de dhíth uirthi.

“Mar sin de, d’fhostaigh siad mise, cailín as Ros Comáin agus cailín as Asturias na Spáinne le cuidiú le Maggie aire a thabhairt do na páistí.

“Shínigh mé comhaontú um neamhnochtadh nach labhróinn faoi go deo,” arsa Bernie.

“Sin ráite, chuaigh muid i jet príobháideach go Disneyland leis an gclann agus d’amharc Ambasáid na Fraince inár ndiaidh. Thug siad convoy chun an óstáin dúinn. Bhí sé cool ach craiceáilte.”

I ndiaidh bliana, bhí Bernie sásta filleadh ar an mhúineadh.

Rinne sí staidéar ar an Ghaeilge agus ar an Stair in Ollscoil na Gaillimhe agus rinne sí a máistreacht ar an dátheangachas san oideachas idirnáisiúnta ar líne trí Universidad Camilo José Cela i Maidrid.

“An fáth go ndearna mé an mháistreacht áirithe sin nó tá mé ag obair le comhlacht Spáinneach i gCatar, SEK, comhlacht atá 132 bliain d’aois.

“Rinne mé cúig bliana i gCatar, ach mar gheall ar Covid chaill mé bainis mo dheirféar agus mhothaigh mé an-fhada ón mbaile mar sin de, bhog mé féin agus Barry go Bergamo i dtuaisceart na hIodáile agus cheannaigh muid árasán ann ach bhí cuid mhór costaisí ag baint leis sin mar sin de, bheartaigh mise go dtiocfainn ar ais go Doha liom féin agus tháinig Barry in éindí liom i mbliana,” a mhínigh Bernie.

Is léir go mbaineann an lánúin sult as na buntáistí a thugann seal sa Mheánoirthear do dhaoine óga.

Tá an áit go hálainn, tá sé thar a bheith glan agus cuirtear fáilte mhór roimh strainséirí ann, agus ní nach ionadh. Do gach Catarach, tá seisear coimhthíoch sa tír.

“Níl Catar níos mó ná Gaillimh agus Maigh Eo le chéile,” ar sí, “ach tá gach áis anseo. Imrítear cuid mhór spórtanna ann – leadóg, galf – agus na cluichí Gaelacha!”

Murar leor é sin, ar na buntáistí is mó: “Ní íocann tú cáin,” arsa Bernie ag gáire. Is féidir cur suas le teas an tsamhraidh atá “iomarcach” dar léi agus an sochar sin ann!

Cé go mothaíonn Bernie i bhfad ó bhaile, tá cúigear nó seisear cairde aici i nDoha a labhraíonn sí Gaeilge leo.

Anuas air sin, bíonn sí ag teagasc Gaeilge ar líne do dhaoine ar fud na cruinne.

“Tagann baicle bheag againn le chéile i gcaifé uair sa tseachtain ach roimhe sin, bhínn ag múineadh do pháistí i gclann a bhí ag teacht ar ais go hÉirinn agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh an curaclam Gaeilge ag na páistí ach nuair atá ióga le déanamh agat agus traenáil don chumann peile agus éiríonn tú, cosúil le gach duine anseo, ar a 5am, níl am agat le haghaidh ranganna a reáchtáil chomh maith, mar sin thosaigh mé ag múineadh Gaeilge ar líne,” arsa Bernie.

Deir sí go bhfuil an t-uafás suime ag daoine sa teanga – ach gur coimhthígh is mó atá ag freastal ar a ranganna ar líne.

“Níl ach ceathrar Éireannach ag freastal ar na ranganna,” arsa Bernie.

“Tá bean as Poblacht na Seice atá go hiomlán líofa, tá beirt as an Astráil i ndiaidh clárú agus tá go leor Meiriceánach ann a éiríonn ar a 3am le freastal ar mo ranganna.

“Tá fear grinn as Baile Átha Cliath ag freastal ar na ranganna mar tá sé ag iarraidh a bheith líofa le go dtig leis seó a dhéanamh go hiomlán as Gaeilge,” arsa Bernie.

Má tá bean Chonamara ina gaiscíoch Gaelach, tá Barry Egan ag déanamh éachtaí chomh maith

Tá an Cill Darach i ndiaidh rith 5k a dhéanamh gach uair an chloig ar feadh 24 uair – 120km ar fad – agus an t-airgead atá tiomsaithe aige ag dul chuig páistí na Palaistíne.

Lánúin Éireannach ag déanamh rudaí iontacha ar an taobh eile den domhan. Nach maith iad.