The People’s Flag: Bunú an stáit agus an tionchar ar pholaitiocht Ceannairc an Airm, Coimisiún na Teorainn Cur Chuige an Fhiosrúcháin:

The largely accurate map of proposed boundary changes as printed in The Morning Post

The annual procession of the Orangemen in Belfast in 1922, a year after partition

Richard Mulcahy, Arthur Griffith and Michael Collins

thumbnail: The largely accurate map of proposed boundary changes as printed in The Morning Post
thumbnail: The annual procession of the Orangemen in Belfast in 1922, a year after partition
thumbnail: Richard Mulcahy, Arthur Griffith and Michael Collins
Ciarán Ó Murchú

Bunús an cur chuige:

Ina leabhar The Twentieth Century World (The Historical Association 1997), míníonn Christine Counsell bunús cur chuige an fhiosrúcháin. Deir sí “ go spreagann sé leibhéal tuisceanna níos doimhne i measc scoláirí. Trí saincheisteanna a aithint tugann sé deis do mhúinteoirí cruth agus teorainn a chur le hábhar leathan. (Lch 30-31)

Réamhrá agus Bunús

Nuair a bunaíodh an Stáit i 1922, bhí bunreacht scríofa ag an rialtas a chuir béim an an stádas flaithis a bhí aici. Bhí sí ceangailte le chomhlathas na Breataine leis an Rí mar cheannaire stáit. Mar sin féin tháinig teannas chun chinn mar gheall ar na hiarrachtaí (nó easpa iarrachtaí) a bhí ar bun stádas an Tuaiscirt a athrú.

Torthaí Foghlama:

⬤ Tuigfidh na scoláirí tábhacht an daonlathais in Éirinn.

⬤ Tuigfidh na scoláirí an tionchar a bhí ag polaiteoirí na hÉireann an daonlathas a chaomhnú.

⬤ Tuigfidh na scoláirí an tionchar a bhí ag imeachtaí sna 1920dí ar Éireann Thuaidh agus Theas.

⬤ Tabharfar deis don scoláire post an staraí a iniúchadh tríd tábhacht fianaise cartlainne a mheas.

Nasc le torthaí foghlama na Sonraíocht Staire don Sraith Shóisearach:

1.1 Ionbhá stairiúil a chruthú trí fhéachaint ar dhaoine, ar shaincheisteanna agus ar eachtraí ar thángthas trasna orthu ina staidéar ar an am atá thart i gcomhthéacs na tréimhse sin sa stair .

1.2 Machnamh a dhéanamh ar shaincheisteanna móra conspóideacha sa Stair ó níos mó ná peirspíocht amháin agus plé a dhéanamh ar chúisí stairiúla an n-ábhar conspóideacha sa domhain nua- aimseartha

1.5 Fiosrú a dheanamh ar phost an staraí, lena n-áiritear an chaoi a n-aimsíonn sé/sí an fianaise chun breithiúnas stairiúla a dheanamh a d’fhéadfaí a athrú de réir mar a thiocfaidh fianaise nua chun chinn.

2.5 Cúisí, cúrsa agus iarmhairtí na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann a aithint mar aon leis an tionchar a bhí acu ar chaidreamh Thuaidh-Theas agus Angla-Éireannach

Nasc le Torthaí Foghlama na hArdteiste.

Ag obair le fianaise: torthaí foghlama

A: Tabhairt isteach - stair agus an staraí

B: An staidéar bunaithe ar dhoiciméid

C: An staidéar taighde cé go bhfuiltear ag súil go dtreoróidh na torthaí seo a leanas gach gné de chúrsa staidéir an dalta, déanfar iad a mheas tríd an staidéar bunaithe ar dhoiciméid agus an staidéar taighde go príomha.

Nasc le Topic Ardteiste

Topaic 3: Ar thóir an fhlaithis agus tionchar na críochdheighilte, 1912-1949

Dearcadh: Tógáíl stait agus comhdhlúthú an daonlathais. Ó Shaorstáit go Poblacht. Tuaisceart na hEireann, an Páirtí Aontachtach i gcumhacht.

Eochair Phearsa: W T Mac Chosgair

Céim 1

Duán:

Chun suim na scoláirí a spreagadh san ábhar d’fhéadfaí an gearr scannán seo a thaispeáint agus na ceisteanna a ghabhann leis a fhreagairt.

The Seat of all the Trouble! - View media - Northern Ireland Screen | Digital Film Archive

Ceisteanna.

1. Cén léargas a thugann an scannán dúinn ar an teorainn sna 1920dí?

2. Cén bhrat atá ag eitilt?

3. Cén ghaol atá idir na póliní ag an teorainn?

Ceim 2

Líne ama:

Dátaí Suntasacha a bhaineann le Ceannairc an Airm agus Coimisiún na Teoirainn i rith an tréimhse seo a spreagfar inniúlacht uimhearthacht i measc scoláirí.

Mí na Samhna 1920 : Ach t Um Rialú na hEireann

6 Nollaig 1922: Bunú Saorstáit Éireann faoi théarmaí an Conradh Angla Éireannach.

Nollaig 1922: Bhunaigh an Maor Ginireáil Liam Ó Tóibín Cumann Ólaigh na hEireann

27 Lunasa 1923. Toghchán don cheathrú Dáil. Ceaptar Liam T Mac Chosgair mar Uachtarán an Príomh Feidhmeanas, Ceaptar Caoimhin Ó hUiginn mar Aire Gnóthaí Baile. Risteard Ó Maolcatha ceapaithe mar Aire Cosanta. Cuireann Risteard Ó Maolcatha tús le díshlógadh an airm

7 Márta 1924: Bronntar folaíreamh ar Mac Cosgair sínithe ag Toíbín agus an Choirnéal Charles Dalton ar son an CÓhÉ . Éiíonn siad deireadh le díshshogadh an airm agus deireadh le tionchar Braithreachas Poblachtánach na hEireann ar chomhairle arim an tSaorstáit.

8-18 Márta: Tar éis fiosrúchán a ofráíl do na ceannaircigh, imíonn Mac Cosgair amach ar shaoire tinnis. Glacann Caoimhin O hUiginn freagracht ar an scéal a réiteach.

18 Márta: Faoi orduithe Uí Uiginn, timpeallaíonn trúpaí Ostán Ui Dhoibhlin, Sraíd Parnell áit a raibh cruinniú ar siúl ag an CÓhÉ.

Iarmhairtí:

Gabhadh Toibín agus Dalton,D’éirigh Risteard ó Maolcatha as a phost.

Cheap an rialtas Eoin Ó Dufaigh mar cheannaire an airm.

Baineadh baill an BPÉ ó chomhairle an airm

Fógraíodh go mbeadh saighdiúirí díshlógaithe i dteideal pinsean stáit.

Deireadh Fómhair 1924 : D’fhógair Ó hUiginn sa Dáil

“Iad siúd a thógann paigh an stáit agus a chaitheann éide an staít, ní foláir dóibh a bheith mar seirbhísigh don stáit.

Coimisiúin na Teorainn

Bealtaine 1923: Deireadh leis an gCogadh Cathartha: Éilíonn rialtas an tSaorstáit go ngíomhófar ar choimisiún na teorainn a bhunú de réir tearmaí an chonartha. Eoin Mac Néill ceapaithe mar ionadaí an tsaorstáit

Samhain 1924: Ceapann rialtas Lucht Oirbre, nua thofa na Breataine J.R Fisher, aontachtóir mar ionadaí rialtas an tuaiscirt. Ceaptar Richard Feetham mar chathaoirelach an choimisíun. Tosaíonn an coimisiúin ar a gcuid idirbheartáíochta

Samhain 1925: Foilsíonn an “Morning Post” moltaí an choimisiúin.

Mi na Nollag 1925: Aontaíonn an trí rialtas, An Bhreatain, Rialtas an tSaorstáit agus Rialtas Tuaisceart na hEireann an teoirainn a choinneaíl mar aontaíodh i 1922.

Céim 3

Bainfidh na scoláirí leas as na doiciméad thíos chun tuiscint a leathnú.

Foinse Tánaisteach 1 (Ceannair an Airm)

Thosaigh Ó Maolcatha amach ar athstruchtúrú an airm, ag gearradh líon na n-oifigigh ó 3,00 go 1,300 agus i gcás na ngáthbhaill ó 52,000 go 30,000. Spreag seo géarcheim dár teideal “ceannairc an airm” 1924. Chúisigh an “tsean IRA”, faoi cheannas réalta de scuaid Uí Choileáin leitheidí Liam Toibín agus Tom Cullen, go raibh athnuachan ar an BPÉ ar bun agus é á usaid mar mheicníocht chun athstuctúrú ar an airm a chur ar bun. Ach, chuir siad i leith an tsaoirstaít an líomhna mailíosach nach raibh siad poblachtanch a dhóthain. Bhí na gearánta mar mhaignéíd do baill míshásta an rialtais ar nós Joe Mc Grath.

Chuir an géarchéim sposholas ar na tréithe chuir a Ó Maolcatha leis an saorstait. Bhí an fearg i leith dúshlán an tsean IRA I gcoinne a leasuithe a theastaigh uaidh cur i bhfeidhm ar thearmaí idirnaisiúnta.D’fhógair sé “ ní dóígh liom timpeall an domhain go dtiocfadh ceahtrar oifigeach airm os comhair an Príomhcheannaire agus an doicméad sin a léamh”. Nuair a d’úsáid O hUiginn limhaoin an tSean IRA i leith Ui Mhaocatha go raibh ag teipeadh ar an t-airm a chur faoi chois an chumhachta sibhialta, léirigh Ó Maolcahta srianadh é féin agus chinn sé éiri as a phost seachas an géarchéim a mhéadú.

B’é an toradh paradacsach ná go raibh an uathlas sibhialta daingnithe tríd bua Ui Uiginn thar an príomh ceannaire seachas gurb é a saighdiúr , ní an dlíódóir a d’aithin agus a sheachain bagairt míleata

Charles Townshend (1999), Ireland: The Twentieth Century. London: Arnold,pp128-129

Ceisteanna agus Freagraí:

1 (a) Dár leis an scríbhneoir, cérbh iad na cúiseanna le Ceannairc an Airm 1924?

1(B) Cad iad na gearántáí, dár leis an scríbhneoir chuir leis an míshastacht i measc na hoifigigh airm.

2. Conas dár leat a lámhseáil Ó Maolcatha an géarcheim?

3. Conas dár leat a lámhseáíl Ó hUiggin an gearcheim?

Foinse Tanaisteach 2: Coimisiún na Teorainn

Léarscáíl foilsithe sa Morning Post: Mí na Samhna 1925

1. Cad iad na príomh athruithe a fheiceann tú ar an teorainn

2. Cén fáth dár eat gur chúisigh foiseacháin an léarscáil géarchéim sa rialtas?

Foinse Tánaisteach 3

Tar éís do Craig diúltú ionadaí a cheapadh, cheap Rialtas na Breataine J.R Fisher, eagarthóir an Northern Whig agus é eolas ar an an stair, mar ionadaí an tuaiscirt, agus roghanigh siad an t_Uasal Feetham, breitheamh Oll Cúirte na hAfraice Theas, a rugadh i Sasana. Bhí Mac Néill sa mhionlach nuair a chinn Feetham go sáródh “coinníollacha eacnamúíl agus geografach” ionachais na ndaoine dúchasacha. I gcodarsnacht le Fisher, a choinnigh Craig ar an eolas faoi imeachtaí an choimisiún, de réir dealramh, bhain Mac Néill téarmaí tagartha an choimisiúin le cosc a chur ar a chuid cumarsáide le Mac Chosgair ar imeachtaí an choimisiún. I Mí na Samhna 1925, thuairsic an “Morning Post” go mholfadh an coimisiún go n-aistreofar Deisceart Ard Mhachaagus cuid d’Oirthear Tír Conaill go Tuaisceart nahEireann.Bh’fhearr le caibinéad Mhic Chosagair athrú ar bith seachas Oirthear Thí Chonaill a aistriú. Bhrostaigh Mac Cosgair , áit a d’aontaigh sé le Craig agus Baldwin an tuairisc a chur faoi chois agus glacadh leis an stádas quo

1. Cén cúlra a bhain le J.R Fisher dár leis an údar

2. Conas ar cheapadh Fisher mar ionadaí Tuaisceart na hEireann dár leis an údar.

3. Cén cúlra a bhain leis an Breitheamh Feetham, dár leis an údar?

4. Minigh cad ata I gceist nuair a deir an t-údar go raibh Mc Néil sa mhionlach?

5. Cén codarsnacht a bí idir Mac Neill agus Fisher?

6. Conas a d’fhreagair Mac Chosgair don scéal sa Morning Post?

Céim 4

Conclúid:

Cad a léiríonn freagra an rialtais i leith an gaol idir an tairm agus an stáit tar eis Ceannair an Airm 1924?

An gceapann tú go raibh an toradh ar Choimisiún na Teoirainn mar cus le briseadh amach na trioblóidí I 1968

Cé chomh rathúil ‘s a bhí rialtas an tSaorstáit ag plé le géarcheimeann 1923-1925

https://ifiarchiveplayer.ie/solving-boundary-question/

**Le Ciarán Ó Murchú, Coláiste Íosagáin, Co. Átha Cliath. Bunaithe ar ábhar a chuir John Dredge ar fáil.